|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Ní fhéadfaidh ach AIFM AE arna údarú faoi Threoir 2011/61/AE iarratas a chur chuig údarás inniúil an ELTIF ar fhormheas chun bainistiú a dhéanamh ar ELTIF a mbeidh údarú iarrtha ina leith i gcomhréir le mír 1. I gcás gurb ionann údarás inniúil an ELTIF agus údarás inniúil AIFM AE, déanfaidh iarratas den sórt sin ar fhormheas tagairt don doiciméadacht arna tíolacadh i gcomhair údarú faoi Threoir 2011/61/AE. Gan dochar do mhír 1, déanfaidh AIFM AE a bhfuil feidhm aige chun ELTIF atá bunaithe i mBallstát eile a bhainistiú an doiciméadacht seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an ELTIF:
(a)
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;
(b)
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú agus le riar punainne agus riosca maidir leis an ELTIF;
(c)
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile AIFanna a údaraítear don AIFM AE a bhainistiú. Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil AIFM AE chomh maith le faisnéis faoin doiciméadacht dá dtagraítear sa dara fomhír nó fianú i dtaobh an dtagann ELTIFanna faoi réim údarú AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú. Tabharfaidh údarás inniúil AIFM AE freagra laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh an iarraidh arna cur isteach ag údarás inniúil an ELTIF faighte aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|