+Airteagal 5 Iarratas ar údarú mar ELTIF
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
|
Airteagal 5 Iarratas ar údarú mar ELTIF
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Déanfar iarratas ar údarú mar ELTIF chuig údarás inniúil an ELTIF. Beidh ar áireamh san iarratas ar údarú mar ELTIF gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;
(b)
ainm bhainisteoir molta an ELTIF;
(c)
ainm na taisclainne agus, arna iarraidh sin d’údarás inniúil ELTIF is féidir a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, an comhaontú i scríbhinn leis an taisclann;
(d)
i gcás inar féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, cur síos ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’infheisteoirí, lena n áirítear cur síos ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;
(e)
i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir le struchtúr máistir-fothaire an ELTIF:
(i)
dearbhú go bhfuil an ELTIF fothaire ina fhothaire den mháistir-ELTIF;
(ii)
rialacha nó ionstraimí corpraithe an mháistir-ELTIF agus an comhaontú idir an fothaire ELTIF agus an máistir-ELTIF, nó na rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 29(6);
(iii)
i gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus an ELTIF fothaire, an comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 29(7);
(iv)
i gcás ina mbunaítear an ELTIF fothaire i mBallstát seachas Ballstát baile an mháistir-ELTIF, fianú ó údarás inniúil Bhallstát baile an mháistir-ELTIF go bhfuil an máistir-ELTIF ina ELTIF arna sholáthar ag an ELTIF fothaire.
Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléireacht agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin dara fomhír.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Ní fhéadfaidh ach AIFM AE arna údarú faoi Threoir 2011/61/AE iarratas a chur chuig údarás inniúil an ELTIF ar fhormheas chun bainistiú a dhéanamh ar ELTIF a mbeidh údarú iarrtha ina leith i gcomhréir le mír 1. I gcás gurb ionann údarás inniúil an ELTIF agus údarás inniúil AIFM AE, déanfaidh iarratas den sórt sin ar fhormheas tagairt don doiciméadacht arna tíolacadh i gcomhair údarú faoi Threoir 2011/61/AE. Gan dochar do mhír 1, déanfaidh AIFM AE a bhfuil feidhm aige chun ELTIF atá bunaithe i mBallstát eile a bhainistiú an doiciméadacht seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an ELTIF:
(a)
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;
(b)
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú agus le riar punainne agus riosca maidir leis an ELTIF;
(c)
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile AIFanna a údaraítear don AIFM AE a bhainistiú.
Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil AIFM AE chomh maith le faisnéis faoin doiciméadacht dá dtagraítear sa dara fomhír nó fianú i dtaobh an dtagann ELTIFanna faoi réim údarú AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú. Tabharfaidh údarás inniúil AIFM AE freagra laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh an iarraidh arna cur isteach ag údarás inniúil an ELTIF faighte aige.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Cuirfear in iúl d’iarratasóirí laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirtear isteach iarratas iomlán i dtaobh ar deonaíodh údarú mar ELTIF.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Tabharfar fógra láithreach d'údarás inniúil an ELTIF faoi aon mhodhnuithe dá éis sin ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.
|
|
Airteagal 5 5.
|
De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, maidir le hAIF AE a gceadaíonn a fhoirm dhlíthiúil bainistíocht inmheánach agus i gcás ina roghnóidh a chomhlacht rialaithe gan AIFM seachtrach a cheapadh, déanfaidh sé iarratas comhuaineach ar údarú mar ELTIF faoin Rialachán seo agus mar AIFM faoi Threoir 2011/61/AE. Gan dochar d'Airteagal 7 de Threoir 2011/61/AE, áireofar san iarratas ar údarú mar bhainisteoir inmheánach ELTIF an méid seo a leanas:
(a)
rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;
(b)
i gcás inar féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, cur síos ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’infheisteoirí miondíola, lena n áirítear cur síos ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola.
De mhaolú ar mhír 3, cuirfear in iúl d'AIF AE arna bhainistiú go hinmheánach agus laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear isteach iarratas iomlán i dtaobh an mbeidh údarú mar ELTIF tugtha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|