|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Féadfaidh ELTIF airgead a fháil ar iasacht ar choinníoll go gcomhlíontar le hiasacht den sórt sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
ní méid is mó ná 50 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna ar féidir iad a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, agus ní méid is mó ná 100 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla;
(b)
fónann sé don chuspóir infheistíochtaí a dhéanamh nó leachtacht a sholáthar, lena n-áirítear chun costais agus speansais a íoc, ar choinníoll nach leor na sealúchais in airgead tirim nó i gcomhluach airgid thirim an ELTIF chun an infheistíocht lena mbaineann a dhéanamh;
(c)
conraítear é san airgeadra céanna leis na sócmhainní atá le fáil leis an airgead a fuarthas ar iasacht, nó in airgeadra eile i gcás ina bhfuil neamhchosaint airgeadra fálaithe go hiomchuí;
(d)
tá aibíocht nach faide ná saolré an ELTIF aige. Agus airgead á fháil ar iasacht aige, féadfaidh ELTIF sócmhainní a chur faoi eire chun a straitéis iasachtaíochta a chur chun feidhme. Maidir le socruithe iasachtaíochta a chumhdaítear go hiomlán le gealltanais chaipitil infheisteoirí, ní mheasfar gur iasachtaíochtaí iad chun críocha na míre seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|