+Airteagal 16 Airgead a fháil ar iasacht
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
|
Airteagal 16 Airgead a fháil ar iasacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Féadfaidh ELTIF airgead a fháil ar iasacht ar choinníoll go gcomhlíontar le hiasacht den sórt sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
ní méid is mó ná 50 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna ar féidir iad a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, agus ní méid is mó ná 100 % de ghlanluach sócmhainní an ELTIF é i gcás ELTIFanna nach margaítear ach le hinfheisteoirí gairmiúla;
(b)
fónann sé don chuspóir infheistíochtaí a dhéanamh nó leachtacht a sholáthar, lena n-áirítear chun costais agus speansais a íoc, ar choinníoll nach leor na sealúchais in airgead tirim nó i gcomhluach airgid thirim an ELTIF chun an infheistíocht lena mbaineann a dhéanamh;
(c)
conraítear é san airgeadra céanna leis na sócmhainní atá le fáil leis an airgead a fuarthas ar iasacht, nó in airgeadra eile i gcás ina bhfuil neamhchosaint airgeadra fálaithe go hiomchuí;
(d)
tá aibíocht nach faide ná saolré an ELTIF aige.
Agus airgead á fháil ar iasacht aige, féadfaidh ELTIF sócmhainní a chur faoi eire chun a straitéis iasachtaíochta a chur chun feidhme. Maidir le socruithe iasachtaíochta a chumhdaítear go hiomlán le gealltanais chaipitil infheisteoirí, ní mheasfar gur iasachtaíochtaí iad chun críocha na míre seo.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Sonróidh bainisteoir an ELTIF i réamheolaire an ELTIF an bhfuil sé beartaithe ag an ELTIF airgead tirim a fháil ar iasacht mar chuid de straitéis infheistíochta an ELTIF agus, má tá, sonróidh sé na teorainneacha iasachtaíochta ann freisin.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Maidir leis na teorainneacha iasachtaíochta atá le sonrú sa réamheolaire amhail dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm acu ach ón dáta a shonraítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF. Ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná 3 bliana tar éis an dáta a cuireadh tús le margú an ELTIF.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Cuirfear na teorainneacha iasachtaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar fionraí go sealadach i gcás ina gcruinníonn an ELTIF caipiteal breise nó ina laghdaíonn sé an caipiteal atá aige cheana. Beidh fionraí den sórt sin teoranta ó thaobh ama de don tréimhse a bhfuil fíorghá léi agus aird chuí á tabhairt ar leasanna na n-infheisteoirí san ELTIF agus, in aon chás, ní mhairfidh sí níos faide ná 12 mhí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|