|
+Airteagal 19 2a. |
Airteagal 19 2a.Le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, féadfar foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí, le linn shaolré an ELTIF, iarrataí ar aistriú aonaid nó scaireanna an ELTIF ó infheisteoirí imeachta a lán-mheaitseáil nó a pháirt-mheaitseáil le hiarrataí ar aistriú ó infheisteoirí féideartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
(a)
tá beartas meaitseála iarrataí ag bainisteoir an ELTIF ina leagtar amach go soiléir gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
próiseas an aistrithe le haghaidh infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha araon;
(ii)
ról bhainisteoir an ELTIF nó riarthóir an chiste maidir le haistriú a dhéanamh agus maidir le hiarrataí a mheaitseáil;
(iii)
na tréimhsí ama ar lena linn is féidir le hinfheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha aistriú scaireanna nó aonaid an ELTIF a iarraidh;
(iv)
na rialacha lena gcinntear an praghas forghníomhaithe;
(v)
na rialacha lena gcinntear na coinníollacha fréamhaithe;
(vi)
uainiú agus cineál an nochta a dhéantar ar fhaisnéis i ndáil le próiseas an aistrithe;
(vii)
na táillí, na costais agus na muirir, más ann dóibh, a bhaineann le próiseas an aistrithe;
(b)
i dtaca leis an mbeartas agus na nósanna imeachta maidir leis na hiarrataí ó infheisteoirí imeachta an ELTIF a mheaitseáil leis na hiarrataí ó infheisteoirí féideartha an ELTIF, áirithítear go gcaitear go cothrom le hinfheisteoirí agus, i gcás ina mbíonn neamhréir idir infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha, déantar an mheaitseáil ar bhonn pro rata;
(c)
ceadaítear do bhainisteoir an ELTIF, le meaitseáil na n-iarrataí, faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta an ELTIF agus tá an mheaitseáil comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fhadtéarmach an ELTIF. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|