+Airteagal 19 Margadh tánaisteach
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 2a.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
|
Airteagal 19 Margadh tánaisteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Ní chuirfidh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF cosc ar aonaid nó scaireanna an ELTIF a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, ní chuirfear cosc ar infheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a aistriú go neamhshrianta chuig tríú páirtithe seachas bainisteoir an ELTIF, faoi réir na gceanglas rialála is infheidhme agus na gcoinníollacha a leagtar amach i réamheolaire an ELTIF.
|
|
Airteagal 19 2a.
|
Le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, féadfar foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí, le linn shaolré an ELTIF, iarrataí ar aistriú aonaid nó scaireanna an ELTIF ó infheisteoirí imeachta a lán-mheaitseáil nó a pháirt-mheaitseáil le hiarrataí ar aistriú ó infheisteoirí féideartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
(a)
tá beartas meaitseála iarrataí ag bainisteoir an ELTIF ina leagtar amach go soiléir gach ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
próiseas an aistrithe le haghaidh infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha araon;
(ii)
ról bhainisteoir an ELTIF nó riarthóir an chiste maidir le haistriú a dhéanamh agus maidir le hiarrataí a mheaitseáil;
(iii)
na tréimhsí ama ar lena linn is féidir le hinfheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha aistriú scaireanna nó aonaid an ELTIF a iarraidh;
(iv)
na rialacha lena gcinntear an praghas forghníomhaithe;
(v)
na rialacha lena gcinntear na coinníollacha fréamhaithe;
(vi)
uainiú agus cineál an nochta a dhéantar ar fhaisnéis i ndáil le próiseas an aistrithe;
(vii)
na táillí, na costais agus na muirir, más ann dóibh, a bhaineann le próiseas an aistrithe;
(b)
i dtaca leis an mbeartas agus na nósanna imeachta maidir leis na hiarrataí ó infheisteoirí imeachta an ELTIF a mheaitseáil leis na hiarrataí ó infheisteoirí féideartha an ELTIF, áirithítear go gcaitear go cothrom le hinfheisteoirí agus, i gcás ina mbíonn neamhréir idir infheisteoirí imeachta agus infheisteoirí féideartha, déantar an mheaitseáil ar bhonn pro rata;
(c)
ceadaítear do bhainisteoir an ELTIF, le meaitseáil na n-iarrataí, faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta an ELTIF agus tá an mheaitseáil comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fhadtéarmach an ELTIF.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Foilseoidh ELTIF ina thuarascálacha tréimhsiúla margadhluach a aonad liostaithe nó a scaireanna liostaithe le cois an ghlanluacha sócmhainne in aghaidh an aonaid nó na scaire.
|
|
Airteagal 19 4.
|
I gcás ina mbeidh athrú ábhartha ar luach sócmhainne, déanfaidh bainisteoir an ELTIF é sin a nochtadh d'infheisteoirí ina thuarascálacha tréimhsiúla.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na himthosca chun an mheaitseáil dá bhforáiltear i mír 2a a úsáid, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá do ELTIFanna a nochtadh d’infheisteoirí. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|