|
+Airteagal 23 5. |
Airteagal 23 5.Beidh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF, i dteannta na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, an méid seo a leanas:
(a)
ráiteas ar shreabhadh airgid;
(b)
faisnéis maidir le rannpháirtíocht in ionstraimí a bhaineann le cistí buiséadacha an Aontais;
(c)
faisnéis maidir le luach na ngnóthas punainne cáilitheach aonair agus maidir le luach sócmhainní eile ina bhfuil an tELTIF infheistithe, lena n-áirítear luach na n-ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáidtear.
(d)
faisnéis maidir leis na dlínsí ina bhfuil sócmhainní an ELTIF. I gcás ina margaítear an ELTIT le hinfheisteoirí miondíola, cuirfidh bainisteoir an ELTIF ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire ráiteas maidir le muirir chomhiomlána an ELTIF fothaire agus an mháistir-ELTIF. Léireofar i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF fothaire conas is féidir tuarascáil bhliantúil an mháistir-ELTIF a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|