+Airteagal 29 7.

Airteagal 29 7.

I gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus ag an ELTIF fothaire, déanfaidh na taisclanna sin comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise chun comhlíonadh dhualgais an dá thaisclann a áirithiú. Ní infheisteoidh an ELTIF fothaire in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF go dtí go mbeidh éifeacht le comhaontú den sórt sin.

I gcás ina gcomhlíonann siad ceanglais na míre seo, ní bhfaighfear go bhfuil taisclann an mháistir-ELTIF ná taisclann an ELTIF fothaire ag sárú aon rialacha lena gcuirtear srian le nochtadh faisnéise nó a bhaineann le cosaint sonraí i gcás ina ndéantar foráil do rialacha den sórt sin i gconradh nó i bhforáil reachtaíocht, rialúcháin nó riaracháin. Ní bheidh comhlíonadh den sórt sin ina chúis le haon dliteanas ar thaobh na taisclainne sin ná aon duine a ghníomhaíonn thar a ceann.

Beidh an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, bainisteoir an ELTIF fothaire, i gceannas ar aon fhaisnéis faoin máistir-ELTIF is gá chun dualgais thaisclann an ELTIF fothaire a chur i gcrích a chur in iúl do thaisclann an ELTIF fothaire. Cuirfidh taisclann an mháistir-ELTIF údaráis inniúla Bhallstát baile an mháistir-ELTIF, údaráis inniúla Bhallstát baile an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla Bhallstát baile bhainisteoir agus thaisclann an ELTIF fothaire ar an eolas láithreach faoi aon neamhrialtachtaí a bhraitheann sé maidir leis an máistir-ELTIF ar neamhrialtachtaí iad a meastar go bhfuil tionchar diúltach acu ar an ELTIF fothaire.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.