+Airteagal 29 Forálacha sonracha maidir le taiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29 Forálacha sonracha maidir le taiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 21(3) de Threoir 2011/61/AE, eintiteas den chineál dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Threoir 2009/65/CE a bheidh i dtaiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola.
|
|
Airteagal 29 2.
|
De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 21(13) agus Airteagal 21(14) de Threoir 2011/61/AE, ní bheidh taiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola in ann é féin a urscaoileadh ó dhliteanas i gcás caillteanas ionstraimí airgeadais atá faoi choimeád ag tríú páirtí.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Ní dhéanfar dliteanas an taiscí dá dtagraítear in Airteagal 21(12) de Threoir 2011/61/AE a eisiamh nó a theorannú trí chomhaontú i gcás ina ndéanfar an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Beidh aon chomhaontú a sháraíonn mír 3 ar neamhní.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní dhéanfaidh an taiscí, ná aon tríú páirtí a mbeidh feidhm an choimeádta tarmligthe dó, iad a athúsáid dá gcuntas féin. Is é atá in athúsáid ná aon idirbheart a bhaineann le sócmhainní atá faoi choimeád lena n-áirítear aistriú, ráthú, díol agus tabhairt ar iasacht, ach gan a bheith teoranta don méid sin. Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní cheadófar iad a athúsáid ach amháin ar choinníoll:
(a)
go ndéantar athúsáid na sócmhainní a fhorghníomhú do chuntas an ELTIF;
(b)
go bhfuil treoracha bhainisteoir an ELTIF á gcur i gcrích ag an taiscí thar ceann an ELTIF;
(c)
gur chun sochair an ELTIF agus chun leasanna an aonaid nó na scairshealbhóirí atá an athúsáid; agus
(d)
go bhfuil an t-idirbheart cumhdaithe ag comhthaobhacht ardcháilíochta agus leachtach arna fáil ag an ELTIF faoi shocrú aistrithe teidil.
Margadhluach na sócmhainní athúsáidte móide préimh ar a laghad a bheidh i gcónaí i margadhluach na comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír.
|
|
Airteagal 29 6.
|
I gcás struchtúr máistirfhothaire, soláthróidh an máistir-ELTIF don ELTIF fothaire na doiciméid agus an fhaisnéis uile is gá chun go gcomhlíonfaidh an ELTIF fothaire ceanglais an Rialacháin seo. Chun na críche sin, déanfaidh an ELTIF fothaire comhaontú leis an máistir-ELTIF. Cuirfear an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil do na sealbhóirí aonad nó na sealbhóirí scaireanna go léir arna iarraidh sin agus saor in aisce. I gcás ina bhfuil an máistir-ELTIF agus an ELTIF fothaire araon á mbainistiú ag bainisteoir céanna an ELTIF, féadfar an comhaontú a ionadú le rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh lena n-áirithítear comhlíonadh cheanglais na míre seo.
|
|
Airteagal 29 7.
|
I gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus ag an ELTIF fothaire, déanfaidh na taisclanna sin comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise chun comhlíonadh dhualgais an dá thaisclann a áirithiú. Ní infheisteoidh an ELTIF fothaire in aonaid nó scaireanna an mháistir-ELTIF go dtí go mbeidh éifeacht le comhaontú den sórt sin. I gcás ina gcomhlíonann siad ceanglais na míre seo, ní bhfaighfear go bhfuil taisclann an mháistir-ELTIF ná taisclann an ELTIF fothaire ag sárú aon rialacha lena gcuirtear srian le nochtadh faisnéise nó a bhaineann le cosaint sonraí i gcás ina ndéantar foráil do rialacha den sórt sin i gconradh nó i bhforáil reachtaíocht, rialúcháin nó riaracháin. Ní bheidh comhlíonadh den sórt sin ina chúis le haon dliteanas ar thaobh na taisclainne sin ná aon duine a ghníomhaíonn thar a ceann. Beidh an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, bainisteoir an ELTIF fothaire, i gceannas ar aon fhaisnéis faoin máistir-ELTIF is gá chun dualgais thaisclann an ELTIF fothaire a chur i gcrích a chur in iúl do thaisclann an ELTIF fothaire. Cuirfidh taisclann an mháistir-ELTIF údaráis inniúla Bhallstát baile an mháistir-ELTIF, údaráis inniúla Bhallstát baile an ELTIF fothaire nó, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla Bhallstát baile bhainisteoir agus thaisclann an ELTIF fothaire ar an eolas láithreach faoi aon neamhrialtachtaí a bhraitheann sé maidir leis an máistir-ELTIF ar neamhrialtachtaí iad a meastar go bhfuil tionchar diúltach acu ar an ELTIF fothaire.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|