|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Ní fhéadfar aonaid nó scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoir miondíola ach i gcás ina ndearnadh measúnú oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE agus inar soláthraíodh ráiteas ar oiriúnacht don infheisteoir miondíola sin i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 25(6) den Treoir sin. Déanfar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gan beann ar cibé acu a fhaigheann an t-infheisteoir miondíola aonaid nó scaireanna an ELTIF ón dáileoir nó ó bhainisteoir an ELTIF, nó tríd an margadh tánaisteach i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo. Gheofar toiliú sainráite an infheisteora miondíola lena léirítear go dtuigeann an t-infheisteoir na rioscaí a bhaineann le hinfheistiú in ELTIF i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
ní sholáthraítear an measúnú oiriúnachta i gcomhthéacs comhairle infheistíochta;
(b)
meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir miondíola ar bhonn an mheasúnaithe oiriúnachta arna déanamh de bhun na chéad fhomhíre;
(c)
is mian leis an infheisteoir miondíola dul ar aghaidh leis an idirbheart in ainneoin go meastar nach bhfuil an ELTIF oiriúnach don infheisteoir sin. Déanfaidh an dáileoir nó, nuair a bhíonn aonaid nó scaireanna ELTIF á dtairiscint go díreach d’infheisteoir miondíola nó á láithriú go díreach le hinfheisteoir miondíola, bainisteoir an ELTIF taifead dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Threoir 2014/65/AE a bhunú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|