|
+Airteagal 37 1. |
Airteagal 37 1.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé anailís ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
a mhéid a mhargaítear ELTIFanna san Aontas, lena n-áirítear an spéis a d’fhéadfadh a bheith ag na AIFManna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE i margú ELTIFanna;
(b)
cur i bhfeidhm forálacha maidir le húdarú ELTIFanna, mar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6;
(c)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an gclár lárnach poiblí ELTIFanna mar a leagtar síos in Airteagal 3;
(d)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, na rialacha maidir le comhchruinniú agus na teorainneacha maidir le hairgead tirim a fháil ar iasacht;
(e)
an tionchar ar éagsúlú sócmhainní mar gheall ar chur i bhfeidhm na teorann infheistíochta le haghaidh sócmhainní infheistíochta incháilithe a leagtar síos in Airteagal 13(1);
(f)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa a leagtar síos in Airteagal 12;
(g)
cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus tionchar an chur i bhfeidhm sin ar bheartas fuascailte agus saolré ELTIFanna;
(h)
cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos i gCaibidil IV iomchuí;
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha a bhaineann le margú aonad nó scaireanna de chuid ELTIFanna a leagtar síos i gCaibidil V iomchuí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad cosaint éifeachtach infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, a áirithiú;
(j)
cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh ELTIFanna go mór le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, amhail na cuspóirí sin a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i réimsí tosaíochta eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|