+Airteagal 37 Athbhreithniú
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
|
Airteagal 37 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé anailís ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
a mhéid a mhargaítear ELTIFanna san Aontas, lena n-áirítear an spéis a d’fhéadfadh a bheith ag na AIFManna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE i margú ELTIFanna;
(b)
cur i bhfeidhm forálacha maidir le húdarú ELTIFanna, mar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6;
(c)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an gclár lárnach poiblí ELTIFanna mar a leagtar síos in Airteagal 3;
(d)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, na rialacha maidir le comhchruinniú agus na teorainneacha maidir le hairgead tirim a fháil ar iasacht;
(e)
an tionchar ar éagsúlú sócmhainní mar gheall ar chur i bhfeidhm na teorann infheistíochta le haghaidh sócmhainní infheistíochta incháilithe a leagtar síos in Airteagal 13(1);
(f)
cé acu ba cheart nó nár cheart nuashonrú a dhéanamh ar na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa a leagtar síos in Airteagal 12;
(g)
cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus tionchar an chur i bhfeidhm sin ar bheartas fuascailte agus saolré ELTIFanna;
(h)
cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos i gCaibidil IV iomchuí;
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha a bhaineann le margú aonad nó scaireanna de chuid ELTIFanna a leagtar síos i gCaibidil V iomchuí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad cosaint éifeachtach infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, a áirithiú;
(j)
cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh ELTIFanna go mór le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, amhail na cuspóirí sin a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i réimsí tosaíochta eile.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Bunaithe ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faoin 10 Aibreán 2030, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn an Rialachán seo agus ELTIFanna le haontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche agus le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2). I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|