+Airteagal 37a Athbhreithniú ar ghnéithe inbhuanaitheachta ELTIFanna

Airteagal 37a Athbhreithniú ar ghnéithe inbhuanaitheachta ELTIFanna

Airteagal 37a

Athbhreithniú ar ghnéithe inbhuanaitheachta ELTIFanna

Faoin 11 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an bhfuil sé indéanta ainmniú roghnach dar teideal “ELTIF arna mhargú mar ELTIF atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” nó “ELTIF glas” a chruthú, agus go háirithe:

(i) 

ar cheart ainmniú den sórt sin a choimeád do ELTIFanna ar táirgí airgeadais iad arb é infheistíocht inbhuanaithe is cuspóir leo dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );

(ii) 

ar cheart an t-ainmniú sin a choimeád do ELTIFanna a infheistíonn a gcuid sócmhainní incháilithe nó sócmhainní iomlána go léir, nó cuid shuntasach díobh, i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe agus, más amhlaidh atá, conas atá an chuid shuntasach le sainiú;

(iii) 

an féidir gníomhaíochtaí inbhuanaithe a nascadh leis na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );

(b) 

ar cheart oibleagáid ghinearálta a bheith ar ELTIFanna an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh ina gcinntí infheistíochta, nó ar cheart an oibleagáid sin a bheith teoranta do ELTIFanna a mhargaítear mar ELTIFanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó mar ELTIFanna glasa, i gcás ina meastar go bhfuil ainmniú roghnach den sórt sin indéanta;

(c) 

an bhfuil aon deis ann feabhas a chur ar an gcreat le haghaidh ELTIFanna trí rannchuidiú ar bhealach níos suntasaí le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, gan an bonn a bhaint de chineál na ELTIFanna.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.