+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.

Airteagal 9

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a aithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras ionas nach ndéanfaidh siad dochar do leasanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu, agus chun a áirithiú go ndéileálfar go cothrom leis na cistí caipitil fiontair cáilitheach atá á mbainistiú acu.
Airteagal 9 2.

Sainaithneoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:

(a) 

bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, daoine a sheolann i ndáiríre gnó na mbainisteoirí sin, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá faoi riail acu, go díreach nó go hindíreach, agus an ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn na bainisteoirí sin, nó infheisteoirí ann;

(b) 

an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste caipitil fiontair cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann;

(c) 

an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.

Airteagal 9 3.
Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.
Airteagal 9 4.
Déanfar nochtadh coinbhleachtaí leasa mar a dtagraítear dó i mír 1 a chur in iúl i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena áirithiú, le muinín réasúnta, go gcoiscfear na rioscaí go ndéanfar díobháil do leas infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir d’infheisteoirí sula rachaidh siad i mbun gnó thar a gceann.
Airteagal 9 5.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) 

na cineálacha coinbhleachtaí leasa amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b) 

na céimeanna is gá do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a ghlacadh, i dtaca le struchtúir agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.