+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Ag gach tráth, beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus úsáidfidh siad acmhainní daonna agus teicniúla atá leormhaith agus iomchuí de réir mar is gá chun na cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistíonn siad a bhainistiú go cuí.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha araon.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstát bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag bainisteoir um chiste caipitil cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.
|
|
Airteagal 10 4.
|
I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise de chistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise na gcístí dílse comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000 .
|
|
Airteagal 10 5.
|
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile bainisteoir um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leo siúd atá leagtha síos i ndlí an Aontais.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|