+Airteagal 14a
---+Airteagal 14a 1.
---+Airteagal 14a 2.
---+Airteagal 14a 3.
---+Airteagal 14a 4.
---+Airteagal 14a 5.
---+Airteagal 14a 6.
---+Airteagal 14a 7.
---+Airteagal 14a 8.
---+Airteagal 14a 9.
---+Airteagal 14a 10.
|
Airteagal 14a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14a 1.
|
Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid ina leith.
|
|
Airteagal 14a 2.
|
Is é údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh;
(b)
faisnéis ar chéannacht na taisce;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
(d)
liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí caipitil fiontair cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus i bpointí (c) agus (i) d’Airteagal 13(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II den Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 14a 3.
|
I gcás nach ionann údarás inniúil chiste caipitil fiontair cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste caipitil fiontair cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 14(2) comhlíonta. Féadfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra laistigh d’aon mhí amháin ar fáil tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh isteach a fháil.
|
|
Airteagal 14a 4.
|
Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil ag na bainisteoirí sin cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.
|
|
Airteagal 14a 5.
|
Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó an soiléiriú agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cáilitheach ciste mar chiste caipitil fiontair cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14(2).
|
|
Airteagal 14a 6.
|
Na bainisteoirí sin dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis do na bainisteoirí sin an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.
|
|
Airteagal 14a 7.
|
Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuVECA”.
|
|
Airteagal 14a 8.
|
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áithriú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 14a 9.
|
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 14a 10.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|