+Airteagal 18
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 1a.
---+Airteagal 18 1b.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.

Airteagal 18

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.
Airteagal 18 1a.
Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh an t-údarás inniúil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe agus an eagrúcháin atá i bhfeidhm ag bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cáilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir sin in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.
Airteagal 18 1b.
Maidir le ciste caipitil fiontair cáilitheach arna mbainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 13(1) ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach. Beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an chiste.
Airteagal 18 2.
I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta lena chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas go pras dá réir. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhail bearta iomchuí.
Airteagal 18 3.
Más rud é go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag gníomhú ar shlí is léir a bheith contrártha don Rialachán seo in ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainníonn údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chosc ó aon mhargú breise eile a dhéanamh ar a chuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0345
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.