+Airteagal 4 Tarscaoiltí le haghaidh ionstraimí cothromais
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 Tarscaoiltí le haghaidh ionstraimí cothromais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
córais a mheaitseálann orduithe atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála trína ndéantar praghas na hionstraime airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a dhíorthú ón ionad trádála inar ligeadh isteach chun trádála an ionstraim airgeadais sin den chéad uair nó ón margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta de, i gcás ina ndéantar an praghas tagartha a fhoilsiú go forleathan agus a ndéanann na rannpháirtithe margaidh é a mheas mar phraghas tagartha iontaofa. Beidh úsáid leanúnach an tarscaoilte sin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5.
(b)
córais ina gcuirtear na hidirbhearta réamhshocraithe ar bhonn foirmiúil, ar idirbhearta iad:
▼M8
(i)
a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó luachaintí ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a bhfuil an córas sin á oibriú aige;
▼B
(ii)
atá i scair neamhleachtach, in admháil taisclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach dtagann faoi réir bhrí an mhargaidh leachtaigh agus a dhéileáiltear laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach, is é sin céatadán agus praghas tagartha a leagann oibreoir an chórais amach roimh ré; nó
(iii)
atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin;
(c)
orduithe atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh;
(d)
orduithe a shealbhaítear i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Bunófar an praghas tagartha dá dtagraítear i mír 1(a) trí cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú:
(a)
an lárphointe i bpraghsanna tairgthe agus tairisceana reatha an ionaid trádála ina ndearnadh an ionstraim airgeadais sin a ligean isteach chun a trádála den chéad uair nó an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta; nó
(b)
nuair nach mbíonn an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil, praghas oscailte nó dúnta an tseisiúin trádála ábhartha.
Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh in orduithe do na praghsanna dá dtagraítear i bpointe (b) ach amháin lasmuigh de chéim trádála leanúnach an tseisiúin trádála ábhartha.
|
|
Airteagal 4 3.
|
I gcás ina ndéanann ionaid trádála córais a oibriú trína ndéantar idirbhearta caibidlithe a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhréir le mír 1(b)(i):
(a)
déanfar na hidirbhearta sin i gcomhréir le rialacha an ionaid trádála;
(b)
déanfaidh an t-ionad trádála a áirithiú gurb ann do shocruithe, do chórais agus do nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh, nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh, i ndáil le hidirbhearta réamhshocraithe den sórt sin a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;
(c)
déanfaidh an t-ionad trádála córais a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme chun aon iarracht ar úsáid an tarscaoilte chun teacht timpeall ar cheanglais eile an Rialacháin seo nó Threoir 2014/65/AE a bhrath agus chun iarrachtaí den sórt sin a thuairisciú don údarás inniúil.
Más rud é go ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1(b)(i) nó (iii), déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar úsáid an tarscaoilte sin ag an ionad trádála chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh úsáid an tarscaoilte á n-urramú.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach tarscaoilte aonair agus míniú a sholáthar maidir lena fheidhmiú, lena n-áirítear mionsonraí an ionaid trádála ina bhfuil an praghas tagartha bunaithe dá dtagraítear dó i mír 1(a). Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim neamhcheangailteach chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach aon tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 6. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an méid sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Féadfaidh údarás inniúil, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag údarás inniúil eile, tarscaoileadh arna dheonú faoi mhír 1 a tharraingt siar, mar a shonraítear faoi mhír 6, má fheictear dó go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imíonn óna chuspóir bunaidh nó má chreideann sé go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
▼M8
(a)
na mionsonraí maidir le sonraí réamhthrádála, raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachaintí ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus an calabrú is gá le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 3(2) á gcur san áireamh;
▼B
(b)
an margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta ionstraime airgeadais de i gcomhréir le mír 1(a);
(c)
saintréithe sonracha idirbhirt réamhshocraithe maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir leis an gcomhalta nó an rannpháirtí in ionad trádála idirbheart den sórt sin a fhorghníomhú;
(d)
na hidirbhearta réamhshocraithe nach ranchuidíonn le foirmiú praghsanna a bhaineann leis as an tarscaoileadh dá bhforáiltear i mír 1(b)(iii);
(e)
méid na n-orduithe atá ar scála mór agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe de chuid ionad trádála go dtí go nochtfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Maidir le tarscaoiltí arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus le hAirteagal 44(2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 roimh an
►M1
3 Eanáir 2018 ◄ , déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu faoin
►M1
3 Eanáir 2020 ◄ . Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a bheidh gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe agus caighdeán teicniúil rialála atá bunaithe ar an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|