|
+Airteagal 4 3. |
Airteagal 4 3.I gcás ina ndéanann ionaid trádála córais a oibriú trína ndéantar idirbhearta caibidlithe a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhréir le mír 1(b)(i):
(a)
déanfar na hidirbhearta sin i gcomhréir le rialacha an ionaid trádála;
(b)
déanfaidh an t-ionad trádála a áirithiú gurb ann do shocruithe, do chórais agus do nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh, nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh, i ndáil le hidirbhearta réamhshocraithe den sórt sin a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;
(c)
déanfaidh an t-ionad trádála córais a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme chun aon iarracht ar úsáid an tarscaoilte chun teacht timpeall ar cheanglais eile an Rialacháin seo nó Threoir 2014/65/AE a bhrath agus chun iarrachtaí den sórt sin a thuairisciú don údarás inniúil. Más rud é go ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1(b)(i) nó (iii), déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar úsáid an tarscaoilte sin ag an ionad trádála chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh úsáid an tarscaoilte á n-urramú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|