Maidir le tarscaoiltí arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus le hAirteagal 44(2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 roimh an
►M1
3 Eanáir 2018
◄ , déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu faoin
►M1
3 Eanáir 2020
◄ . Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a bheidh gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe agus caighdeán teicniúil rialála atá bunaithe ar an Rialachán seo.