|
+Airteagal 11 3. |
Airteagal 11 3.Chomh maith leis an bhfoilsiú iarchurtha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit an méid seo a leanas a cheadú, i ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag an mBallstát sin, nó aicmí díobh:
(a)
foilsiú méid idirbhirt aonair a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná sé mhí; nó
(b)
mionsonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná 6 mhí. Maidir le hidirbhearta in ionstraimí fiachais cheannasaigh nach n-eisíonn Ballstát, is é ÚEUM a dhéanfaidh cinntí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta na n-iarchur a cheadaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na gcinntí a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas. Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|