+Airteagal 11 Foilseachán iarchurtha i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltas astaíochtaí
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 1a.
---+Airteagal 11 1b.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Foilseachán iarchurtha i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltas astaíochtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mhionsonraí na n-idirbheart a dhéantar maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.
|
|
Airteagal 11 1a.
|
Déanfar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith bannaí, nó i leith aicmí bannaí, a eagrú trí chúig chatagóir a úsáid:
(a)
catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(b)
catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(c)
catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(d)
catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(e)
catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.
Nuair a rachaidh an tréimhse iarchuir in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 11 1b.
|
Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí, nó i leith haicmí díobh, a thrádáiltear ar ionad trádála, de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear i mír 4, pointe (g). Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.
|
|
Airteagal 11 2.
|
I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéantar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin. Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme bannaí, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 4, pointí (f) agus (g). Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ar a dtrádáiltear an aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM. Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a fhoilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Chomh maith leis an bhfoilsiú iarchurtha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit an méid seo a leanas a cheadú, i ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag an mBallstát sin, nó aicmí díobh:
(a)
foilsiú méid idirbhirt aonair a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná sé mhí; nó
(b)
mionsonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná 6 mhí.
Maidir le hidirbhearta in ionstraimí fiachais cheannasaigh nach n-eisíonn Ballstát, is é ÚEUM a dhéanfaidh cinntí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta na n-iarchur a cheadaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na gcinntí a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas. Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:
(a)
mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;
(b)
an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;
(c)
a bhfuil margadh leachtach ann ina leith do tháirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, nó aicmí díobh;
(d)
cad is margadh leachtach agus neamhleachtach ann le haghaidh bannaí, nó aicmí díobh, arna sloinneadh mar thairseacha arna gcinneadh de réir mhéid eisiúna na mbannaí sin;
(e)
i gcás banna leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme díobh, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, ar bhonn anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;
(f)
maidir le bannaí, nó aicmí díobh, na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1a, agus na huastréimhsí seo a leanas á gcur i bhfeidhm:
(i)
i gcás idirbhearta i gcatagóir 1: iarchur praghais agus méid nach faide ná 15 nóiméad;
(ii)
i gcás idirbhearta i gcatagóir 2: iarchur praghais agus méid nach faide ná deireadh an lae trádála;
(iii)
i gcás idirbhearta i gcatagóir 3: iarchur praghais nach mó ná deireadh an chéad lae trádála tar éis dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná seachtain amháin tar éis dháta an idirbhirt;
(iv)
i gcás idirbhearta i gcatagóir 4: iarchur praghais nach mó ná deireadh an dara lá trádála tar éis an dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná dhá sheachtain tar éis dháta an idirbhirt;
(v)
i gcás idirbhearta i gcatagóir 5: iarchur praghais agus iarchur méid nach faide ná 4 seachtaine tar éis dháta an idirbhirt;
(g)
na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí, nó i leith aicmí díobh, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;
(h)
i leith ionstraimí fiachais cheannasaigh, nó aicmí díobh, na critéir atá le cur i bhfeidhm agus méid nó cineál idirbhirt in ionstraimí den sórt sin ar féidir cinntí a ghlacadh ina leith de bhun mhír 3 á gcinneadh.
I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1a, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú d’fhonn í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh siad ar fáil, bainfidh ÚEUM úsáid as na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|