|
+Airteagal 11a 1. |
Airteagal 11a 1.Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mionsonraí idirbheart a dhéantar maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas. Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nó aicmí díobh, trí úsáid a bhaint as cúig chatagóir:
(a)
catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(b)
catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(c)
catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(d)
catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(e)
catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór. Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|