|
+Airteagal 11a 3. |
Airteagal 11a 3.Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:
(a)
mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme díorthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na ndíorthach agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;
(b)
an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;
(c)
díorthaigh, nó aicmí díobh, a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;
(d)
i gcás díorthach leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme de, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1, an triú fomhír, den Airteagal seo ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;
(e)
na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), méid an idirbhirt agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh. I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú agus é mar aidhm í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh fáil orthu, úsáidfidh ÚEUM na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír i gcomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2) agus leasóidh sé iad chun aon athruithe substaintiúla i gcalabrú na n-iarchur praghsanna agus méideanna a chur san áireamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (e), agus an dara fomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|