+Airteagal 13 Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnach tráchtála
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
|
Airteagal 13 Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnach tráchtála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6 go 11a, 14, 20, 21, 27g agus 27h a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnach tráchtála, lena n-áirítear téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma. Áiritheoidh na hoibreoirí margaidh agus na gnólachtaí infheistíochta sin, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis den sórt sin. Déanfar beartais sonraí na n-oibreoirí margaidh agus na ngnólachtaí infheistíochta, na APAnna, na CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha sin a chur ar fáil don phobal saor in aisce ar bhealach is féidir a rochtain agus a thuiscint go héasca.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don phobal saor in aisce 15 nóiméad tar éis a foilsithe i bhformáid atá meaisín-inléite agus inúsáidte do gach úsáideoir, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Áireofar ar an mbonn réasúnach tráchtála leibhéal na dtáillí agus téarmaí conarthacha eile. Cinnfear leibhéal na dtáillí de réir an chostais a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh agus le corrlach réasúnta.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Arna iarraidh sin, cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu faisnéis ar fáil dá n-údarás inniúil maidir leis na costais iarbhír a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear corrlach réasúnta.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:
(a)
cad is téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma ann dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír;
(b)
cad is rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis ann dá dtagraítear i mír 1,an dara fomhír;
(c)
ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na mbeartas sonraí atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1, an dara fomhír;
(d)
rochtain ar shonraí, agus ábhar agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1;
(e)
na gnéithe atá le cur san áireamh i ríomh an chostais agus an chorrlaigh réasúnta dá dtagraítear i mír 3;
(f)
ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla de bhun mhír 4.
Gach 2 bhliain, déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú ar na forbairtí ar chostas na sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn a mheasúnaithe. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|