+Airteagal 21 Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 4a.
---+Airteagal 21 5.
|
Airteagal 21 Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus, lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála nó le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh i gcrích iad a chur ar fáil go poiblí. Déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí trí APA.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Poibleofar gach idirbheart aonair uair amháin trí APA amháin.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Comhlíonfaidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorainneacha ama a bhfoilsítear í laistigh díobh de réir na ceanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 10, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 11(4), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 11a(3), pointí (a) agus (b).
|
|
Airteagal 21 4.
|
Maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a chur siar ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 21 4a.
|
Maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a iarchur ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11a.
|
|
Airteagal 21 5.
|
►M8
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar bhealach a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear de bhun Airteagal 27g chun an méid seo a leanas a shonrú: ◄
(a)
aitheantóirí na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú i gcomhréir leis an Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le toscaa bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;
(b)
cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.
▼M8 —————
▼B
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|