|
+Airteagal 26 9. |
Airteagal 26 9.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)
caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;
(b)
na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;
(c)
tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3; ▼M8 —————
(e)
catagóirí ábhartha na n-innéacsanna a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2, pointe (c);
(f)
na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a chothabháil, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n-úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;
(g)
oibleagáidí chun tuairisciú idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;
(h)
cad is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo;
(i)
nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4;
(j)
na coinníollacha chun idirbhearta sonracha a nascadh agus na modhanna chun orduithe comhiomlánaithe a shainaithint a mbeidh forghníomhú idirbhirt mar thoradh orthu; agus
(k)
an dáta a bhfuil na hidirbhearta le tuairisciú faoi. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|