+Airteagal 27c Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú
---+Airteagal 27c 1.
---+Airteagal 27c 2.
---+Airteagal 27c 3.
---+Airteagal 27c 4.
|
Airteagal 27c Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27c 1.
|
Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críoch an Teidil seo i gcás:
(a)
inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí; agus
(b)
ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo.
|
|
Airteagal 27c 2.
|
Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe lena cur ar fáil. I gcás ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM, nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 27c 3.
|
Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear sa Teideal seo. Tabharfaidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí údaraithe fógra do ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, nó don údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha le haghaidh údaraithe.
|
|
Airteagal 27c 4.
|
Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríocha an Aontais ina n-iomláine, agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na seirbhísí a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|