+Airteagal 27db Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh CTPanna a dheonú agus a dhiúltú
---+Airteagal 27db 1.
---+Airteagal 27db 2.
---+Airteagal 27db 3.
---+Airteagal 27db 4.
---+Airteagal 27db 5.
---+Airteagal 27db 6.
---+Airteagal 27db 7.
---+Airteagal 27db 8.
|
Airteagal 27db Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh CTPanna a dheonú agus a dhiúltú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27db 1.
|
Soláthróidh an t-iarratasóir ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 27da(4) an fhaisnéis uile is gá chun a chur ar chumas ÚEUM a dheimhniú go bhfuil na socruithe uile is gá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir, tráth an iarratais ar údarú, chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 27da(2) a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 27db 2.
|
Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cibé an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar faoi. Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán, tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir.
|
|
Airteagal 27db 3.
|
Laistigh de 3 mhí tar éis dó iarratas iomlán ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar chomhlíonadh an Teidil seo ag an iarratasóir. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú, agus cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis dháta glactha an chinnidh réasúnaithe sin. Sonrófar i gcinneadh lena ndeonaítear údarú na coinníollacha faoina bhfuil an t-iarratasóir le hoibriú.
|
|
Airteagal 27db 4.
|
Tar éis údarú a fháil de bhun mhír 3, féadfaidh ÚEUM idirthréimhse a dheonú don iarratasóir atá údaraithe mar CTP chun na socruithe oibríochtúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 27db 5.
|
Comhlíonfaidh an CTP i gcónaí na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h agus na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh réasúnaithe lena n-údaraítear an CTP dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Aon CTP nach bhfuil in ann na ceanglais agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 27db 6.
|
Ní bheidh feidhm ag tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 27e go dtí go ndéanfar CTP nua a roghnú agus a údarú don aicme sócmhainní lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 27da agus 27db.
|
|
Airteagal 27db 7.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear an méid seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1;
(b)
an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le CTPanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 27db 8.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le CTPanna a chinneadh. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|