|
+Airteagal 47 2. |
Airteagal 47 2.Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír. Sonróidh socruithe den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe a bhaineann le comhroinnt na faisnéise sin ag ÚEUM tar éis sin le húdaráis inniúla na mBallstát;
(b)
an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ÚEUM sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 48 ag sárú choinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;
(c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‐áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn an gnólacht tríú tíre seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 46, i gcás inar gá sin a dhéanamh chun cúraimí ÚEUM nó an údaráis inniúil a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo, tar éis údarás inniúil an tríú tír a chur ar an eolas ina leith;
(d)
na nósanna imeachta lena mbaineann iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 46(6a) agus (6b) a fhéadfaidh ÚEUM a chur faoi bhráid gnólacht tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|