Faoin
►M1
3 Márta 2020
◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 13, go háirithe maidir le tionchar an tsásra caidhpeála méide a thuairiscítear in Airteagal 5, lena n-áirítear maidir leis an gcostas trádála do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla agus maidir le trádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, agus a éifeachtúlacht chun a áirithiú nach ndéanfaidh an úsáid a bhaintear as na tarscaoiltí ábhartha dochar do chruthú praghsanna agus conas a d’fhéadfadh aon sásra iomchuí chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar an gcaidhpheáil mhéide oibriú, agus maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a bunaíodh de bhun Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 9(2) go (5).