Faoin
►M1
3 Márta 2020
◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú Airteagal 26, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuarascálacha idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir faireachán a dhéanamh, ar shlí chuimsitheach, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag ÚEUM seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE agus chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a bhrath i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.