Faoin
►M1
3 Márta 2020
◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le réitigh iomchuí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú chomh maith le huirlisí do rialtóirí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí luachana i ndáil le hionaid trádála. Déanfaidh an tuarascáil sin ar a laghad measúnú ar an bhféidearthacht chun an córas Eorpach tairgthe agus tairisceana is fearr a fhorbairt do luachana comhdhlúite chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.