|
+Airteagal 54b 1. |
Airteagal 54b 1.Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:
(a)
sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an t-údarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;
(b)
difear d’fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;
(c)
údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl. Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé nó sí ag déanamh an chúraim sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|