+Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
|
Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh SSIanna leanúint, go dtí an 1 Lúnasa 2014, d’idirbhearta íocaíochta in euro atá i bhformáidí atá éagsúil ó na formáidí is gá le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo. Is ón 2 Lúnasa 2014 a chuirfidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 6(1) agus (2) i bhfeidhm, rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 11. De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chuirfidh ar chumas USIanna ar tomhaltóirí iad leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar choinníoll go n-áirithítear an idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir cuntais íocaíochta ábhartha atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Déanfar an t-aitheantóir cuntais íocaíochta sin a sheachadadh chuig an USI a thionscain an t-idirbheart, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Déanfaidh SSIanna a thairgíonn seirbhísí íocaíochta atá ainmnithe in euro agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 3 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016 agus seirbhísí íocaíochta á dtairiscint acu atá ainmnithe in euro. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, comhlíonfaidh SSI atá lonnaithe sa Bhallstát sin Airteagal 3 laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann i limistéar an euro.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh sa Bhallstát sin go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta aistrithe creidmheasa nó dochair dhírigh sin ag a bhfuil sciar charnach den mhargadh, bunaithe ar an staidreamh íocaíochta oifigiúil a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach go bliantúil, ar lú ná 10 % é den líon iomlán d’idirbhearta aistrithe creidmheasa nó d’idirbhearta dochair dhírigh faoi seach.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a tharscaoileadh go dtí an 1 Feabhra 2016, maidir leis na hidirbhearta íocaíochta sin a ghintear trí chárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin agus a bhfuil dochar díreach ó chuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN de thoradh orthu.
|
|
Airteagal 16 5.
|
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2) féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údaráis inniúla, go dtí an 1 Feabhra 2016, roinnt de na ceanglais shonracha a tharscaoileadh chun na formáidí teachtaireachta a úsáid atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) le haghaidh USIanna a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa indibhidiúla nó dochair dhírigh indibhidiúla a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir. In ainneoin tarscaoileadh a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh SSIanna na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 5(1)(d) a chomhlíonadh más rud é go n-iarrann USI seirbhís den sórt sin.
|
|
Airteagal 16 6.
|
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit na ceanglais a bhaineann le foráil BIC le haghaidh idirbheart íocaíochtaí náisiúnta in Airteagal 5(4), (5) agus (7) a chur siar go dtí an 1 Feabhra 2016.
|
|
Airteagal 16 7.
|
Más rud é go mbeartaíonn Ballstát úsáid a bhaint as maolú dá bhforáiltear i mír 1, 3, 4, 5 nó 6, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún dá réir sin faoin 1 Feabhra 2013, agus ceadóidh sé dá údarás inniúil ina dhiaidh sin, de réir mar is iomchuí, roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 5, in Airteagal 6(1) nó (2) agus san Iarscríbhinn, le haghaidh na hidirbhearta ábhartha íocaíochta dá dtagraítear sna míreanna agus sna fomhíreanna faoi seach agus go ceann tréimhse nach faide ná tréimhse an mhaolaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na hidirbhearta íocaíochta atá faoi réir an mhaolaithe agus maidir le haon athrú ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 16 8.
|
Déanfaidh SSIanna atá suite, agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh oibreoirí córais eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige Airteagal 4(2) a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016. Más rud é, áfach, go dtugtar isteach an euro mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, déanfaidh SSIanna nó i gcás inarb ábhartha, oibreoirí córas eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe sa Bhallstát agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta, sa Bhallstát sin na forálacha faoi seach a chomhlíonadh laistigh de bhliain amháin den dáta ar tháinig an Ballstát isteach sa limistéar euro, ach tráth nach luaithe ná na dátaí faoi seach atá sonraithe do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 31 Márta 2012.
|
|
Airteagal 16 9.
|
Má thugtar an euro isteach mar airgeadra Ballstáit roimh an 9 Aibreán 2027, comhlíonfaidh SSInna an Bhallstáit sin Airteagail 5a, 5b agus 5c laistigh de bhliain amháin ón dáta ar tugadh an euro isteach mar airgeadra an Bhallstáit sin agus gan sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná na dátaí faoi seach a shonraítear sna hAirteagail sin do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Mar sin féin, ní cheanglófar ar SSInna den sórt sin Airteagail 5a, 5b agus 5c a chomhlíonadh tráth is luaithe ná na dátaí faoi seach a shonraítear sna hAirteagail sin do SSInna sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0260
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|