3. Go dtí an 9 Nollaig 2020, maidir le hidirbhearta intíre le cárta dochair, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta meántáille idirmhalartaithe ualaithe a chur i bhfeidhm nach mó ná a chomhionann de 0,2 % de mheánluach bliantúil idirbhirt de gach idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta. Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn níos ísle a shainiú don mheántáille idirmhalartaithe ualaithe, ar uasteorainn í a bheidh infheidhme maidir le gach idirbheart intíre le cárta dochair.