+Airteagal 3 Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí le cárta dochair
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
|
Airteagal 3 Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí le cárta dochair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt a bheidh os cionn 0,2 % de luach an idirbhirt ar aon idirbheart le cárta dochair.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Le haghaidh idirbhearta intíre le cárta dochair féadfaidh na Ballstáit cibé acu:
|
(a)
|
uasteorainn chéatadánach a shainiú do tháille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt atá níos lú ná an uasteorainn dá bhforáiltear i mír 1 agus féadfaidh siad uasmhéid táille sheasta a fhorchur mar theorainn ar an táille a eascraíonn ón ráta céatadánach is infheidhme; nó
|
|
(b)
|
a cheadú do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt nach mó ná EUR 0,05, nó, i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta a chur i bhfeidhm an 9 Meitheamh 2015, a dhéanfar a athbhreithniú gach cúig bliana nó nuair atá athrú suntasach sna rátaí malairte. Féadfar an táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt seo a chomhcheangal freisin le huasráta céatadánach nach mó ná 0,2 %, ar an gcoinníoll i gcónaí nach mbeidh suim na dtáillí idirmhalartaithe den scéim cártaí íocaíochta níos mó ná 0,2 % de luach bliantúil idirbhirt iomlán na n-idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta.
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Go dtí an 9 Nollaig 2020, maidir le hidirbhearta intíre le cárta dochair, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta meántáille idirmhalartaithe ualaithe a chur i bhfeidhm nach mó ná a chomhionann de 0,2 % de mheánluach bliantúil idirbhirt de gach idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta. Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn níos ísle a shainiú don mheántáille idirmhalartaithe ualaithe, ar uasteorainn í a bheidh infheidhme maidir le gach idirbheart intíre le cárta dochair.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Na luachanna bliantúla idirbhearta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, déanfar iad a ríomh ar bhonn bliantúil, ag tosú an 1 Eanáir agus ag críochnú an 31 Nollaig gach bliain agus cuirfear i bhfeidhm iad ón 1 Aibreán an bhliain dár gcionn. Cuirfear tús leis an tréimhse thagartha don chéad ríomh a dhéanfar ar mheánluach den sórt sin 15 mhí féilire roimh an dáta a gcuirfear mír 2 agus 3 i bhfeidhm agus rachaidh sé in éag trí mhí féilire roimh an dáta sin.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. Éileoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13, arna hiarraidh sin dóibh ar scéimeanna cártaí íocaíochta agus/nó ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, an fhaisnéis go léir is gá a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm ceart mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo a fhíorú. Cuirfear faisnéis den sórt sin chuig an údarás inniúil roimh an 1 Márta den bhliain i ndiaidh na tréimhse tagartha dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 4. Aon fhaisnéis eile lena gcuirtear ar chumas na n-údarás inniúil comhlíonadh na bhforálacha den Chaibidil seo a fhíorú, cuirfear chuig na húdaráis inniúla arna hiarraidh sin i scríbhinn dóibh agus laistigh den spriocdháta a bheidh leagtha síos acu í. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2015 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0751
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|