2. D'fhéadfaí go mbeadh dhá bhranda íocaíochta éagsúla nó níos mó ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe de dhíth ar an tomhaltóir, tráth a ndéanann sé comhaontú conarthach le soláthraí seirbhíse íocaíochta, ar an gcoinníoll go ndéanann an soláthraí seirbhíse íocaíochta seirbhís den sórt sin a thairiscint. In am agus i dtráth sula sínítear aon chonradh, cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta léirfhaisnéis oibiachtúil ar fáil don tomhaltóir faoi na brandaí uile íocaíochta atá ann maille lena saintréithe, lena n-áirítear a bhfeidhmiúlacht, a gcostas agus a sláine atá siad.