+Airteagal 8 Comhlipéadú agus an rogha maidir le branda íocaíochta nó feidhmchlár íocaíochta
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
|
Airteagal 8 Comhlipéadú agus an rogha maidir le branda íocaíochta nó feidhmchlár íocaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Beidh toirmeasc ar aon rialacha i ndáil le scéim cártaí íocaíochta agus aon rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin nó aon bhearta a mbeidh éifeacht choibhéiseach leo, lena gcuirtear bac nó cosc ar eisitheoir dhá bhranda éagsúla íocaíochta nó dhá fheidhmchlár íocaíochta nó níos mó a chomhlipéadú ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. D'fhéadfaí go mbeadh dhá bhranda íocaíochta éagsúla nó níos mó ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe de dhíth ar an tomhaltóir, tráth a ndéanann sé comhaontú conarthach le soláthraí seirbhíse íocaíochta, ar an gcoinníoll go ndéanann an soláthraí seirbhíse íocaíochta seirbhís den sórt sin a thairiscint. In am agus i dtráth sula sínítear aon chonradh, cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta léirfhaisnéis oibiachtúil ar fáil don tomhaltóir faoi na brandaí uile íocaíochta atá ann maille lena saintréithe, lena n-áirítear a bhfeidhmiúlacht, a gcostas agus a sláine atá siad.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Beidh bonn cirt oibiachtúil le haon éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le heisitheoirí nó le faighteoirí i rialacha scéime agus i rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin a bhaineann le comhlipéadú ar bhrandaí éagsúla íocaíochta nó feidhmchláir éagsúla íocaíochta ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe agus ní bheidh aon idirdhealú i gceist.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Le scéimeanna cártaí íocaíochta, ní fhorchuirfear aon cheanglais maidir le tuairisciú, oibleagáidí maidir le táillí a íoc ná oibleagáidí comhchosúla a bhfuil an cuspóir nó an éifeacht chéanna leo maidir le cártaí a eisiúint agus maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta a fháil d'idirbhearta a dhéantar ar aon fheiste ar a bhfuil a mbranda íocaíochta i ndáil le hidirbhearta nach n-úsáidtear a scéim lena n-aghaidh.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Maidir le haon phrionsabail ródúcháin nó bearta cosúla a bhfuil sé mar aidhm leo idirbhearta a threorú trí bhealach nó próiseas sonrach agus caighdeáin agus ceanglais theicniúla agus slándála eile i ndáil le dhá bhranda éagsúla íocaíochta agus dhá fheidhmchlár íocaíochta nó níos mó a láimhseáil ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta, eisitheoirí, faighteoirí, eintitis phróiseála agus soláthraithe eile seirbhíse teicniúla, ní chuirfidh siad sásraí uathoibríocha, bogearraí ná feistí isteach san ionstraim íocaíochta ná sa trealamh a chuirtear i bhfeidhm ag an díolphointe lena gcuirtear teorainn le rogha branda íocaíochta nó feidhmchláir íocaíochta, nó an dá cheann, ag an íocóir nó ag an íocaí agus leas á bhaint acu as ionstraim íocaíochta chomhlipéadaithe.
Beidh an rogha fós ag íocaithe sásraí uathoibríocha, bogearraí nó feistí a shuiteáil sa trealamh a úsáidfear ag an díolphointe lena roghnófar branda íocaíochta nó feidhmchlár íocaíochta áirithe mar thosaíocht ach ní choiscfidh íocaithe an t-íocóir ar shárú a dhéanamh ar rogha uathoibríoch tosaíochta den sórt sin a dhéanfaidh an t-íocaí ina threalamh féin a mhéid a bhaineann le catagóirí cártaí nó le hionstraimí gaolmhara íocaíochta a nglacann an t-íocaí leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2015 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0751
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|