+Airteagal 10 Riail maidir le “Glacadh le Gach Cárta”
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
|
Airteagal 10 Riail maidir le “Glacadh le Gach Cárta”
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Ní chuirfidh scéimeanna cártaí íocaíochta ná soláthraithe seirbhíse íocaíochta aon riail i bhfeidhm lena gcuirfear mar oibleagáid ar íocaithe a ghlacann le hionstraim íocaíochta cártabhunaithe eisithe ag eisitheoir amháin glacadh freisin le hionstraimí íocaíochta eile cártabhunaithe a eisíodh faoi chuimsiú na scéime céanna cártaí íocaíochta.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hionstraimí íocaíochta cártabhunaithe, ar ionstraimí do thomhaltóirí iad, den bhranda céanna agus den chatagóir chéanna cárta réamhíoctha, cárta dochair nó cárta creidmheasa atá faoi réir táillí idirmhalartaithe faoi Chaibidil II den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Tá mír 1 gan dochar do scéimeanna íocaíochtaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a d'fhéadfadh foráil a dhéanamh nach bhféadfar cártaí a dhiúltú ar bhonn chéannacht an eisitheora nó ar bhonn chéannacht shealbhóir an chárta.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Íocaithe a chinneann gan glacadh le gach cárta nó ionstraimí íocaíochta eile ó scéim cártaí íocaíochta, cuirfidh siad tomhaltóirí ar an eolas faoin méid sin, ar bhealach soiléir agus aonchiallach an tráth céanna a chuirfidh siad an tomhaltóir ar an eolas faoi ghlacadh le cártaí eile agus ionstraimí íocaíochta de chuid na scéime cártaí íocaíochta. Déanfar faisnéis den sórt sin a thaispeáint go soiléir ag bealach isteach an tsiopa agus ag an scipéad airgid.
I gcás ciandíolachán, déanfar an fhaisnéis seo a thaispeáint ar láithreán gréasáin an íocaí nó ar mheán eile leictreonach nó móibíleach is infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin don íocóir go tráthúil agus sula ndéanfaidh an t-íocóir comhaontú ceannaigh leis an íocaí.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Áiritheoidh eisitheoirí go bhfuil a n-ionstraimí íocaíochta in-sainaitheanta go leictreonach agus, i gcás a gcuid ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe arna nua-eisiúint, go bhfuil siad in-sainaitheanta ar bhealach sofheicthe freisin, lena gcuirfear ar chumas íocaithe agus íocóirí a shainaithint go soiléir cé na brandaí agus na catagóirí cártaí réamhíoctha, cártaí dochair, cártaí creidmheasa nó cártaí tráchtála a roghnaíonn an t-íocóir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2015 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0751
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|