1. Tar éis idirbheart íocaíochta aonair cártabhunaithe a dhéanamh, tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an fhaisnéis seo a leanas don íocaí:
|
(a)
|
an tagairt lenar féidir leis an íocaí an t-idirbheart íocaíochta cártabhunaithe a shainaithint;
|
|
(b)
|
méid an idirbhirt íocaíochta san airgeadra ina gcuirtear suim de shochar i gcuntas íocaíochta an íocaí;
|
|
(c)
|
méid aon mhuirear ar an idirbheart íocaíochta cártabhunaithe, agus an muirear seirbhíse ceannaí agus méid na táille idirmhalartaithe á gcur in iúl go leithleach.
|
Le réamhthoiliú sainráite an íocaí, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhiomlánú le branda, feidhmchlár, catagóirí ionstraime íocaíochta agus rátaí na dtáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir leis an idirbheart.