+Airteagal 2 2.

Airteagal 2 2.

Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

comhaontuithe creidmheasa a urraítear le morgáiste, nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó a urraítear le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe;

(b) 

comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh cearta maoine a fháil nó a choinneáil i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe, lena n-áirítear áitreabh a úsáidtear le haghaidh trádála, gnó nó gairme;

(c) 

comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000 ;

(d) 

comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaíonn fostóirí an creidmheas dá bhfostaithe mar ghníomhaíocht thánaisteach saor ó ús nó a thairgtear ar rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir is ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh agus nach dtairgtear don phobal i gcoitinne;

(e) 

comhaontuithe creidmheasa a thugtar i gcrích le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a cheadú d’infheisteoir idirbheart a dhéanamh a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí airgeadais a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil baint ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an institiúid creidmheasa ag a bhfuil an creidmheas á dheonú leis an idirbheart sin;

(f) 

comhaontuithe creidmheasa atá mar thoradh ar shocraíocht ar thángthas uirthi sa chúirt nó os comhair údarás reachtúil eile;

(g) 

comhaontuithe fruilithe nó léasaithe i gcás nach leagtar síos sa chomhaontú féin nó i gcomhaontú ar leithligh oibleagáid nó rogha maidir le cuspóir an chomhaontaithe a cheannach;

(h) 

íocaíochtaí iarchurtha inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

tugann soláthróir earraí nó soláthraí seirbhísí, gan creidmheas a bheith á thairiscint ag tríú páirtí, am don tomhaltóir íoc as na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar ag an soláthróir nó soláthraí sin;

(ii) 

tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; agus

(iii) 

tá an íocaíocht sin le déanamh go hiomlán laistigh de 50 lá tar éis sheachadadh an earra nó na seirbhíse.

I gcás íocaíochtaí iarchurtha arna dtairscint ag soláthróirí earraí nó soláthraí seirbhísí nach micrifhiontair, fiontair bheaga ná fiontair mheánmhéide iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE i gcás ina dtairgeann soláthróirí nó soláthraithe den sórt sin seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) arb é atá iontu cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar de réir bhrí Airteagal 2, pointe 7, de Threoir 2011/83/AE, ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin ó raon feidhme na Treorach seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

níl tríú páirtí ag tairiscint nó ag ceannach creidmheasa;

(ii) 

tá an íocaíocht le déanamh go hiomlán laistigh de 14 lá tar éis sheachadadh na n-earraí nó na seirbhísí; agus

(iii) 

tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(i) 

comhaontuithe creidmheasa a bhaineann leis an íocaíocht iarchurtha, saor in aisce, le haghaidh fiach atá ann cheana;

(j) 

comhaontuithe creidmheasa i gcás ina n-iarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i dtaisce;

(k) 

comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear do phobal srianta faoi fhoráil reachtúil chun críche leasa ghinearálta, agus ar rátaí iasachta níos ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh nó saor ó ús nó ar théarmaí eile atá níos fabhraí don tomhaltóir ná na cinn atá i réim ar an margadh;

(l) 

comhaontaithe creidmheasa arb ann dóibh an 20 Samhain 2026; mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 seo maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata arb ann dóibh an 20 Samhain 2026.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.