+Airteagal 2 Raon Feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
---+Airteagal 2 7.
---+Airteagal 2 8.
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
comhaontuithe creidmheasa a urraítear le morgáiste, nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó a urraítear le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe;
(b)
comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh cearta maoine a fháil nó a choinneáil i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe, lena n-áirítear áitreabh a úsáidtear le haghaidh trádála, gnó nó gairme;
(c)
comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000 ;
(d)
comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaíonn fostóirí an creidmheas dá bhfostaithe mar ghníomhaíocht thánaisteach saor ó ús nó a thairgtear ar rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir is ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh agus nach dtairgtear don phobal i gcoitinne;
(e)
comhaontuithe creidmheasa a thugtar i gcrích le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) nó le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a cheadú d’infheisteoir idirbheart a dhéanamh a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí airgeadais a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil baint ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an institiúid creidmheasa ag a bhfuil an creidmheas á dheonú leis an idirbheart sin;
(f)
comhaontuithe creidmheasa atá mar thoradh ar shocraíocht ar thángthas uirthi sa chúirt nó os comhair údarás reachtúil eile;
(g)
comhaontuithe fruilithe nó léasaithe i gcás nach leagtar síos sa chomhaontú féin nó i gcomhaontú ar leithligh oibleagáid nó rogha maidir le cuspóir an chomhaontaithe a cheannach;
(h)
íocaíochtaí iarchurtha inar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
tugann soláthróir earraí nó soláthraí seirbhísí, gan creidmheas a bheith á thairiscint ag tríú páirtí, am don tomhaltóir íoc as na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar ag an soláthróir nó soláthraí sin;
(ii)
tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; agus
(iii)
tá an íocaíocht sin le déanamh go hiomlán laistigh de 50 lá tar éis sheachadadh an earra nó na seirbhíse.
I gcás íocaíochtaí iarchurtha arna dtairscint ag soláthróirí earraí nó soláthraí seirbhísí nach micrifhiontair, fiontair bheaga ná fiontair mheánmhéide iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE i gcás ina dtairgeann soláthróirí nó soláthraithe den sórt sin seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
) arb é atá iontu cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar de réir bhrí Airteagal 2, pointe 7, de Threoir 2011/83/AE, ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin ó raon feidhme na Treorach seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
níl tríú páirtí ag tairiscint nó ag ceannach creidmheasa;
(ii)
tá an íocaíocht le déanamh go hiomlán laistigh de 14 lá tar éis sheachadadh na n-earraí nó na seirbhísí; agus
(iii)
tá an praghas ceannaigh le híoc saor ó ús agus gan aon mhuirir eile agus gan ach muirir theoranta is iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(i)
comhaontuithe creidmheasa a bhaineann leis an íocaíocht iarchurtha, saor in aisce, le haghaidh fiach atá ann cheana;
(j)
comhaontuithe creidmheasa i gcás ina n-iarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i dtaisce;
(k)
comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear do phobal srianta faoi fhoráil reachtúil chun críche leasa ghinearálta, agus ar rátaí iasachta níos ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh nó saor ó ús nó ar théarmaí eile atá níos fabhraí don tomhaltóir ná na cinn atá i réim ar an margadh;
(l)
comhaontaithe creidmheasa arb ann dóibh an 20 Samhain 2026; mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 seo maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata arb ann dóibh an 20 Samhain 2026.
|
|
Airteagal 2 3.
|
D’ainneoin mhír 2, pointe (c), tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000 nach bhfuil urraithe le morgáiste, nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe nó le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe, i gcás inarb é is cuspóir do na comhaontuithe creidmheasa sin maoin dhochorraithe chónaithe a athchóiriú.
|
|
Airteagal 2 4.
|
I gcás comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm rótharraingt intuigthe, ní bheidh feidhm ach amháin ag na hAirteagail a leanas:
(a)
Airteagail 1, 2, 3, 17, 19, 25, 31, 35, 36 agus 39 go 50; agus
(b)
Airteagal 18, mura gcinnfidh na Ballstáit a mhalairt.
|
|
Airteagal 2 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm cártaí dochair iarchurtha:
(a)
a sholáthraíonn institiúid creidmheasa nó íocaíochta;
(b)
ar faoina dtéarmaí a chaithfear an creidmheas a aisíoc laistigh de 40 lá; agus
(c)
atá saor ó ús agus gan ach muirir theoranta as an tseirbhís íocaíochta a sholáthar.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2, 3, 7, 8, 11, 19 agus 20, Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (h) agus (l), Airteagal 21(3) agus Airteagail 23, 25 agus 28 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa ar eagraíocht a thugann i gcrích iad a bhfuil a ballraíocht srianta do dhaoine atá ina gcónaí nó atá fostaithe i suíomh ar leith nó d’fhostaithe agus d’fhostaithe ar scor de chuid fostóra ar leith, nó do dhaoine a chomhlíonann cáilíochtaí eile a leagtar síos faoin dlí náisiúnta mar bhunús le nasc coiteann a bheith idir na comhaltaí agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
bunaítear í chun tairbhe frithpháirtí a comhaltaí;
(b)
ní dhéanann sí brabúis le haghaidh aon duine eile seachas a comhaltaí;
(c)
comhlíonann sí críoch shóisialta a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta;
(d)
ní fhaigheann ná ní bhainistíonn sí ach amháin coigiltis a comhaltaí ná ní sholáthraíonn sí foinsí creidmheasa ach amháin do na comhaltaí sin;
(e)
soláthraíonn sí creidmheas ar bhonn ráta céatadánach bliantúil an mhuirir atá níos ísle ná an ceann atá i réim ar an margadh nó atá faoi réir uasteorainn a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe creidmheasa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, más comhaontuithe iad a thug eagraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích i gcás ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne an eagraíocht sin neamhshuntasach i ndáil le luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht bunaithe agus ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne na heagraíochtaí sin uile sa Bhallstát sin níos lú ná 1 % de luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinneadh sa Bhallstát sin. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú gach bliain ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm aon díolúine mar sin dá dtagraítear sa dara fomhír fós comhlíonta agus déanfaidh siad beart chun an díolúine a tharraingt siar i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.
|
|
Airteagal 2 7.
|
►C1
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2, 3, 7, 8, 11, 19 agus 20, Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (h), (l) agus (s), Airteagal 21(3) agus ◄ Airteagail 23, 25, 28 go 38 agus 40 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa idir an creidiúnaí agus an tomhaltóir i leith íocaíocht iarchurtha nó modhanna aisíocaíochta, i gcás ina bhfuil an tomhaltóir ar mainneachtain cheana nó inar dócha go mbeidh an tomhaltóir ar mainneachtain maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is dócha go seachnófaí leis an socrú an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí dlíthiúla ann maidir le mainneachtain an tomhaltóra;
(b)
ní bheadh an tomhaltóir, tríd an socrú a dhéanamh, faoi réir téarmaí is lú fabhar ná na cinn a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa tosaigh.
|
|
Airteagal 2 8.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 8(3), pointí (d), (e) agus (f), Airteagal 10(5), Airteagal 11(4) agus Airteagal 21(3) maidir le ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe creidmheasa seo a leanas:
(a)
comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is lú ná EUR 200;
(b)
comhaontuithe creidmheasa faoina ndeonaítear creidmheas saor ó ús agus gan aon mhuirear eile;
(c)
comhaontuithe creidmheasa faoina gcaithfear creidmheas a aisíoc laistigh de 3 mhí agus gan le híoc ach muirir neamhshuntasacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|