+Airteagal 9 Faisnéis ghinearálta
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.

Airteagal 9 Faisnéis ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa, faisnéis ghinearálta atá soiléir agus intuigthe maidir le comhaontuithe creidmheasa, ar fáil do thomhaltóirí, ag gach tráth ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir.

Déanfar faisnéis ghinearálta maidir le comhaontuithe creidmheasa, arna gcur ar fáil ag creidiúnaithe, nó i gcás inarb infheidhme, arna gcur ar fáil ag idirghabhálaithe creidmheasa ag a n-áitreabh, a chur ar fáil do thomhaltóirí ar pháipéar ar a laghad.

Airteagal 9 2.

Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh san fhaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist eisitheoir na faisnéise;

(b) 

na críocha dá bhféadfar an creidmheas a úsáid;

(c) 

fad féideartha an chomhaontaithe creidmheasa;

(d) 

na cineálacha rátaí iasachtaithe atá ar fáil, ag léiriú cibé an bhfuil siad seasta nó athraitheach nó an dá cheann, le tuairisc ghearr ar na saintréithe a bhaineann le ráta seasta nó ráta athraitheach, lena n-áirítear na himpleachtaí gaolmhara don tomhaltóir;

(e) 

sampla ionadaíoch den mhéid iomlán creidmheasa, costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(f) 

léiriú ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann, nach bhfuil ar áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, a bheidh le híoc i dtaca le comhaontú creidmheasa;

(g) 

raon na roghanna difriúla a bheidh ar fáil chun an creidmheas a aisíoc leis an gcreidiúnaí, lena n-áirítear líon, minicíocht agus méid na dtráthchodanna aisíocaíochta tráthrialta;

(h) 

tuairisc ar na coinníollacha a bhaineann go díreach le haisíocaíocht luath;

(i) 

tuairisc ar an gceart chun tarraingt siar;

(j) 

léiriú ar na seirbhísí coimhdeacha atá mar chúram ar an tomhaltóir a fháil chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith agus, i gcás inarb infheidhme, soiléiriú go bhféadfar na seirbhísí coimhdeacha a cheannach ó sholáthraí nach é an creidiúnaí é; agus

(k) 

rabhadh ginearálta maidir le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag neamhchomhlíonadh na ngealltanas atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.