|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh san fhaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i mír 1:
(a)
céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist eisitheoir na faisnéise;
(b)
na críocha dá bhféadfar an creidmheas a úsáid;
(c)
fad féideartha an chomhaontaithe creidmheasa;
(d)
na cineálacha rátaí iasachtaithe atá ar fáil, ag léiriú cibé an bhfuil siad seasta nó athraitheach nó an dá cheann, le tuairisc ghearr ar na saintréithe a bhaineann le ráta seasta nó ráta athraitheach, lena n-áirítear na himpleachtaí gaolmhara don tomhaltóir;
(e)
sampla ionadaíoch den mhéid iomlán creidmheasa, costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;
(f)
léiriú ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann, nach bhfuil ar áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, a bheidh le híoc i dtaca le comhaontú creidmheasa;
(g)
raon na roghanna difriúla a bheidh ar fáil chun an creidmheas a aisíoc leis an gcreidiúnaí, lena n-áirítear líon, minicíocht agus méid na dtráthchodanna aisíocaíochta tráthrialta;
(h)
tuairisc ar na coinníollacha a bhaineann go díreach le haisíocaíocht luath;
(i)
tuairisc ar an gceart chun tarraingt siar;
(j)
léiriú ar na seirbhísí coimhdeacha atá mar chúram ar an tomhaltóir a fháil chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith agus, i gcás inarb infheidhme, soiléiriú go bhféadfar na seirbhísí coimhdeacha a cheannach ó sholáthraí nach é an creidiúnaí é; agus
(k)
rabhadh ginearálta maidir le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag neamhchomhlíonadh na ngealltanas atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|