|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.Maidir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1, sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:
(a)
céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;
(b)
an méid iomlán creidmheasa;
(c)
fad an chomhaontaithe creidmheasa;
(d)
an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;
(e)
ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;
(f)
i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;
(g)
na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;
(h)
méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;
(i)
rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;
(j)
cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar agus, i gcás inarb infheidhme, an tréimhse tarraingt siar;
(k)
gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;
(l)
seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|