|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7), sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar Airteagal 10(3), gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:
(a)
céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;
(b)
an méid iomlán creidmheasa;
(c)
fad an chomhaontaithe creidmheasa;
(d)
an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;
(e)
ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;
(f)
i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;
(g)
na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;
(h)
méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;
(i)
rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;
(j)
cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar;
(k)
gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;
(l)
seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|