+Airteagal 11 Faisnéis réamhchonarthach maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7)
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.

Airteagal 11 Faisnéis réamhchonarthach maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7), soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar Airteagal 10(2), ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir tríd an bhfoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh an fhaisnéis sin soiléir agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm sin chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise a leagtar síos sa mhír seo agus in Airteagal 3(1) agus (2), de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má tá an fhoirm sin soláthartha ag an gcreidiúnaí sin.
Airteagal 11 2.

Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(6) nó (7), sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar Airteagal 10(3), gach ceann de na heilimintí seo a leanas, ar bhealach feiceálach sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar leathanach amháin:

(a) 

céannacht an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(b) 

an méid iomlán creidmheasa;

(c) 

fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(d) 

an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;

(e) 

ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;

(f) 

i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(g) 

na costais i gcás íocaíochtaí déanacha, i.e. an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(h) 

méid, líon agus minicíocht na n-íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i) 

rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(j) 

cé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar;

(k) 

gurb ann do cheart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúitimh;

(l) 

seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann.

Airteagal 11 3.
I gcás nach féidir na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 2 a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar leathanach amháin, taispeánfar iad sa chéad chuid den fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra ar dhá leathanach ar a mhéad. Sa chás sin, taispeánfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den mhír sin ar an gcéad leathanach den fhoirm.
Airteagal 11 4.

Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 2 a dheighilt go suntasach uathu:

(a) 

an cineál creidmheasa;

(b) 

i gcás ina bhfuil rátaí iasachta éagsúla i bhfeidhm in imthosca éagsúla, agus na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;

(c) 

sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh;

(d) 

na coinníollacha agus an nós imeachta chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhféadfar a iarraidh ar an tomhaltóir an méid creidmheasa a aisíoc ina iomláine tráth ar bith;

(g) 

tagairt do cheart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(h) 

i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;

(i) 

i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(j) 

tagairt don deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(k) 

rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;

(l) 

sceideal aisíocaíochta ina mbeidh na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta.

Airteagal 11 5.
Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm maidir le Fáisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh lena haghaidh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla, agus idir-inoibritheacht á cur san áireamh.
Airteagal 11 6.
De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, i gcás cumarsáid ghuth-theileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir seo áireofar, ar a laghad, na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Sa chás sin, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an fhoirm maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach díreach tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.
Airteagal 11 7.
Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, i dteannta na foirme maidir le Faisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréacht-chomhaontú creidmheasa a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir.
Airteagal 11 8.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná soláthraithe seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.