+Airteagal 18 Oibleagáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.
---+Airteagal 18 11.

Airteagal 18 Oibleagáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra sula dtabharfar comhaontú creidmheasa i gcrích. Déanfar an measúnú sin ar mhaithe le leas an tomhaltóra, chun cleachtais iasachtaithe mhífhreagracha agus rófhéichiúnas a chosc, agus tabharfar aird iomchuí ann ar fhachtóirí atá ábhartha maidir le fíorú a dhéanamh ar ionchas an tomhaltóra a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gcomhaontú creidmheasa.
Airteagal 18 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe creidmheasa an fhaisnéis is gá a fhaightear ón tomhaltóir a chur faoi bhráid an chreidiúnaí ábhartha go cruinn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chun gur féidir an measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh.
Airteagal 18 3.
Déanfar an measúnú acmhainneachta creidmheasa ar bhonn faisnéis ábhartha agus chruinn maidir le hioncam agus costais an tomhaltóra agus imthosca airgeadais agus eacnamaíocha eile is gá agus is comhréireach do chineál, fad, luach agus rioscaí an chreidmheasa don tomhaltóir. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sin fianaise ar ioncam nó ar fhoinsí eile aisíocaíochta, faisnéis maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais, nó faisnéis faoi ghealltanais airgeadais eile. Ní áireofar san fhaisnéis sin catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Gheofar an fhaisnéis ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha ábhartha, lena n-áirítear an tomhaltóir agus, i gcás inar gá, ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19 den Treoir seo a cheadú. Ní mheasfar gur foinse sheachtrach iad líonraí sóisialta chun críche na Treorach seo.

Déanfar an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo a fhíorú go hiomchuí, i gcás inar gá trí thagairt do dhoiciméadacht atá infhíoraithe go neamhspleách.

Airteagal 18 4.
Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí nósanna imeachta a bhunú le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus na nósanna imeachta sin a dhoiciméadú agus a chothabháil.

Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar an gcreidiúnaí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a dhoiciméadú agus a chothabháil.

Airteagal 18 5.
Má chuireann níos mó ná tomhaltóir amháin an t-iarratas ar iasacht isteach go comhpháirteach, d’fhéadfadh an creidiúnaí an measúnú creidmheasa a dhéanamh ar bhonn comhacmhainneacht aisíocaíochta na dtomhaltóirí.
Airteagal 18 6.
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann an creidiúnaí an creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ach amháin i gcás ina léiríonn toradh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa gur dóigh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa ar an mbealach a éilítear faoin gcomhaontú sin, agus fachtóirí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.
Airteagal 18 7.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh creidiúnaí comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóir, nach ndéanfaidh an creidiúnaí an comhaontú creidmheasa a chur ar ceal ná a mhodhnú ar dhóigh a ndéanfadh dochar don tomhaltóir ar na forais nach ndearnadh an measúnú acmhainneachta creidmheasa i gceart. Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina léireofar go ndearna an tomhaltóir an fhaisnéis a tugadh don chreidiúnaí dá dtagraítear i mír 3 a cheilt nó a fhalsú go feasach.
Airteagal 18 8.

I gcás ina mbeidh úsáid próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta i gceist leis an measúnú acmhainneachta creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil dhaonna an chreidiúnaí a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, arb é a bheidh ann an ceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

míniú soiléir agus intuigthe ar an measúnú acmhainneachta creidmheasa a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí, lena n-áirítear míniú ar an loighic agus ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil uathoibríoch ar shonraí pearsanta chomh maith lena tionchar agus lena héifeachtaí ar an gcinneadh;

(b) 

tuairim an tomhaltóra féin a chur in iúl don chreidiúnaí; agus

(c) 

athbhreithniú ar an measúnú ar an acmhainneacht creidmheasa agus an cinneadh maidir leis an gcreidmheas a dheonú ag an gcreidiúnaí a iarraidh.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoin gceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 18 9.
Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí an tomhaltóir a chur ar an eolas gan mhoill faoin diúltú agus, i gcás inarb ábhartha, an tomhaltóir a tharchur chuig fiach-sheirbhísí comhairleacha a bhfuil rochtain éasca orthu. I gcás inarb infheidhme, ceanglófar ar an gcreidiúnaí an tomhaltóir a chur ar an eolas go bhfuil an measúnú acmhainneachta creidmheasa bunaithe ar phróiseáil uathoibríoch sonraí agus faoi cheart an tomhaltóra chun measúnú daonna a dhéanamh agus faoin nós imeachta chun an cinneadh a chonspóid.
Airteagal 18 10.
I gcás ina gcomhaontóidh na páirtithe an méid iomlán creidmheasa a athrú tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a athmheasúnú ar bhonn faisnéis cothrom le dáta sula ndeonaítear aon mhéadú suntasach ar an méid iomlán creidmheasa.
Airteagal 18 11.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chreidiúnaithe measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí ar bhonn an bunachar sonraí ábhartha a cheadú. Mar sin féin, ní bheidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa bunaithe go heisiach ar stair chreidmheasa an tomhaltóra.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.