|
+Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an gcomhaontú creidmheasa a mhodhnú |
Airteagal 22 Faisnéis maidir leis an gcomhaontú creidmheasa a mhodhnúAirteagal 22 Faisnéis maidir leis an gcomhaontú creidmheasa a mhodhnú Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa sula ndéanfaidh siad téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú:
(a)
tuairisc shoiléir ar na hathruithe a bheartaítear agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó míniú ar na hathruithe arna dtabhairt isteach le feidhmiú an dlí;
(b)
clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;
(c)
na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);
(d)
an tréimhse atá ar fáil le haghaidh aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;
(e)
ainm agus seoladh an údaráis inniúil a bhféadfar an gearán sin a chur faoina bhráid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|